Posts

Showing posts from July, 2021

Sean-Taifead Ros Goill

 Seo taifead a rinn Proinsias Ó Conluain i Ros Goill insa bhliain 1974. Aodh ó Siadhail ó Na Dúnaibh, Ros Goill, Co Dhún na nGall ag cur síos ar an tréimhse a chaith sé i Meiriceá agus an saol a bhí aige sa bhaile sula ndeachaigh sé ann. Proinsias Ó Conluain a thaifead 1974. Buidheachas do mo charaid Séamus Mac Ned a chuir 'ugam an taifead seo.  Tá neart rudaí suimiúla insa taifead seo: 1.38 seadh [ʃəi] 1.42 cha ngeobhfá mórán páigh ach oiread(?) [ha 'N´o:ha]?  2.54 cha dtearn sí nas (=níos) mó [ha 'd´a: ʃ̌i nəs mo:] 5.14 achan seort (=sórt) [a'han ʃo:rt]? 5.46 bhí siad uilig deas [v´i: ʃəd ə'l´ɪg´ d´ɛs] 6.16 sin a rabh agam [ʃïn´ ə ro 'ʌgəm] 6.29 tá í sa bhaile anois ['tɑi sə 'wɑl´ə Nïʃ] 6.30 cha dtig léi a dhath dhe Ghaedhilg a chainnt liom-sa??? [ha d´ɪg´ l´e ə jɛ ə ɣe:l´ɪk´ ə xaN´t´ l´ʌmsə̥]? 7.17 caithfidh sé gur [?] mé rud éigin [kɑi ʃə gʌr hap mə rʌdɛg´ɪn´] 7.45 nuair a bhí mise sa bhaile i raith? (=rith) na scoile [Nəi 'm´ɪʃə sə wɑl´ə '