Posts

Showing posts from June, 2021

Cainteoir Láidir Fhánada

Barrscéalta 23/06/2017 43.25

Cúrsaí Gaeltachta

Tá cuid mhaith cúrsaí anns an Ghaeltacht ach is minic nach mbíonn siad furast a n-aimsiú murab fhuiltear eolach orthu. Seo liosta agus tá súil agam go mbaintear úsáid as. Gaedhilg Uladh Tír Chonaill Thuaidh Coláiste Ros Goill - Cúrsaí Teanga i Ros Goill Cúrsa Thoraighe (le hOideas Gael) - Cúrsa Saibhris fá choinne an fhoghlaimeora líofa - "Beidh an cúrsa ag díriú ar leaganacha cainte, logainmneacha, seanchas Dhún na nGall agus oidhreacht na litríochta." (FÁ CHOINNE PÁISTÍ, DRUIDTE?) Coláiste Mhachaire Rabhartaigh na Rosa Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair - Cúrsaí Ceoil i nGaoth Dobhair Gael Linn - Cúrsaí Teanga i nGaoth Dobhair an Chrannóg - Cúrsaí Ceoil agus Cúrsa Scéalaidheachta i nGaoth Dobhair (FÁ CHOINNE PÁISTÍ) Coláiste Árainn Mhóir - Cúrsaí Teanga in Árainn Mhór Tír Chonaill Theas Oideas Gael - Cúrsaí Teanga i nGleann Cholm Cille Gaedhilg Chonnacht Maigh Eo Conamara Acadamh na hOllscolaíochta (OÉ Gaillimh) - Cúrsaí Teanga; tá dian

Dathannaí as Ros Goill

" Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 276 " ó Dúchas © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD agus faoi cheadúnas CC BY-NC 4.0 . Seo cupla leathanach as Ros Goill a bhaineas le dathannaí. Tá cupla focla annamha ann agus tá dúil agamsa anns na planntaí so is suimiúil liom é. Crotal: Dath donn dearg. É a bhruith i gcuideachta na h-olna. Níl ruadhmonn ar bith a dhíth. Fraoch: Dath buidhe (olann). Cuir ruadhmonn "alum". Bruigh. Cuir síos an ólann agus an fraoch measgtha. Fearnóg: fa choinne ruadhmonn do dhath dhubh. Bruith na craobha beaga i gcuideachta na h-olna. Tóg amach na craobha nuair atá siad bruithte agus cuir isteach an Dúbhach. Rud dúbh "claba" a chruinnigheas in áiteacha a bhfuil ruaidhbhric ag briseadh aníos. Súilíní Buidhe: I ndiaidh ruadhmoinn aluim le dath buídhe a chur. Súithche: Bruithte i gcuideachta na h-ólna le dath dorcha donn a chur. crotal - seort léicin seo. Deirtear go mbaintear úsáid as cupla gné éagsamhail d'arb ainm crota

Fáilte

Seo an áit ann a gcuirfidh mé mo chuid rámáis ar chúrsaí Gaedhilge. Tá suim mhór agam i gcanúintí Thoraighe agus Reachraidh, agus na canúintí ann a n-aice. Bíodh fhios 'ad go bhfuil blag agam a bhaineas le Gaedhilg Thoraighe go h-áirid annseo . Beidh mé ag cur nótaí ar sheanchas, ar acmhainní srl annseo.