Posts

Showing posts from August, 2022

Scéal: Sábháilt tachráin a bhíthear á thabhairt as

Seo scéal ón leabhar Síscéalta ó Thír Chonaill Bhí lánúin phósta thiar anseo ar na Machaireacha i bparóiste Ghaoth Dobhair. Bhí tachrán gasúir acu a bhí ceathar ná cúig de bhliana d’aois. Bhuail tinneas go tobann an stócach, agus cha rabh sé ag éileamh ach cupla lá go bhfuair sé bás. Chruinnigh na comharsanacha thart chun na faire mar ba ghnách. CEIST: Cad chuige a rabh faire ann? Bhí cupla buachaill a bhí ina gcónaí giota ó theach na faire, agus nuair a casadh ar a chéile iad, smaoitigh siad gur cheart daofa a ghabháil chun na faire fosta. Bhí aichearra páirce fá thuairim míle de theach an phobail, agus dúirt fear acu leis an fhear eile gur cheart daofa a ghabháil an aichearra. D’imigh an bheirt, agus cha dteachaidh siad i bhfad uilig isteach fríd an pháirc go gcualaí fear acu caoineadh an-truacánta. Chuir sé ceist ar an fhear eile an gcualaí seisean a dhath. “Chualaí mé, cinnte, dearfa,” a deir sé, “tuaim caointe in áit ínteacht .” CEIST: Cad chuige a rachadh duine aichear