Posts

Showing posts from August, 2021

Scéal an Bhannaigh

Image
 Tá taifead as Oileán Reachraidh ann ina bhfuil fear ag innse an scéil "The Story about the Bannock". Tá ath-scríbhinn de leagan eile den scéal seo anns an leabhar a scríobh Holmer (Holmer, Nils M. The Irish Language in Rathlin Island, Co. Antrim . Royal Irish Academy, 1942.), agus ath-scríbhinn níos faide sa leabhar Athchló Uladh: Seansgéaltan X Rachreann [sic] - tá scan de sin le fáil ag bun an leathanaigh seo. Tá leagan Béarla as Albain anseo darb ainm "the Wee Bannock" Tá mé ag deanamh go mbeadh sé úsáideach dá mbeadh ath-scríbhinn agus taifead a thig le chéile ann, mar anois níl taifead ar bith ann a bhfuil ath-scríbhinn leis. Bainfidh mé úsáid as an ath-scríbhinn atá anois ann mar tá an dá leagan cosamhail go leor lena chéile. Ar dtús gheánfaidh mé ath-scríbhinn na bhfocal ach b'fhéidir go n-ath-scríobhfaidh mé na fuaimeanna fosta má bhíonn an t-am agam. Tá an taifead le cluinstin annseo: Please update your browser does not support the audio element.