Scéal an Bhannaigh

 Tá taifead as Oileán Reachraidh ann ina bhfuil fear ag innse an scéil "The Story about the Bannock". Tá ath-scríbhinn de leagan eile den scéal seo anns an leabhar a scríobh Holmer (Holmer, Nils M. The Irish Language in Rathlin Island, Co. Antrim. Royal Irish Academy, 1942.), agus ath-scríbhinn níos faide sa leabhar Athchló Uladh: Seansgéaltan X Rachreann [sic] - tá scan de sin le fáil ag bun an leathanaigh seo. Tá leagan Béarla as Albain anseo darb ainm "the Wee Bannock"

Tá mé ag deanamh go mbeadh sé úsáideach dá mbeadh ath-scríbhinn agus taifead a thig le chéile ann, mar anois níl taifead ar bith ann a bhfuil ath-scríbhinn leis. Bainfidh mé úsáid as an ath-scríbhinn atá anois ann mar tá an dá leagan cosamhail go leor lena chéile. Ar dtús gheánfaidh mé ath-scríbhinn na bhfocal ach b'fhéidir go n-ath-scríobhfaidh mé na fuaimeanna fosta má bhíonn an t-am agam. Tá an taifead le cluinstin annseo:
Deir sé go b'é Domhnall Mac Mhuircheartaigh nó Deniel McCurdy an t-ainm a bhí ar an fhear. Chan mise a chuir an taifead amach agus níl fhios agam an mairfidh sé ar an leathanach udaidh. D'úsáid mé an litriú a chum Holmer ar son na canúna go h-áirid. Bíodh fhios agaibh go bhfuil an taifead seo iontach doiléir agus an chéad uair a chuala mé é char thuig mé aon fhocal ach "madadh ruadh". Má tá ceartúchán ar bith ag aon nduine cuir anns na comments é más é do thoil é!

Ath-scríbhinn an Taifid

Bhá trí duine ann reamha seo. An ainm a bhá ortha: Gígeam agus Geoigeam agus Bol Bocht a Lógam. Agus bhá- Bhá iad ag dol 'n a' mhuileann le tíoradh. Agus- uhm- arsa- arsa Gígeam le Geoigeam:- "[Éirigh thusa?] leis an tíoradh." "[Cha dtéid ach éirigh thu fhé'?]." Arsa Bol Bocht a Lógam:- "Théid sinn uile go léir." [Chuaigh iad?] 'n a' mhuileann, agus- thu- Thug iad isteach an tíoradh, agus uair a bhá an tíoradh istoigh, bhá iad ag dol a dhéanadh bannach. Arsa Gírgeam le Geoigeam:- "[Éirigh agus déan] bannach." "Ó, [éirigh?] thu fhé'." "Théid sinn uile go léir!" arsa Bol Bocht a Lógam. Uair a bhá an bannach réidh, chuir iad é leis- leis- an bannach leis an teine, agus uair a bhá e réidh a thionntachadh, arsa Gígeam le Geoigeam:- "[Éirigh thu?] agus tionntaigh an bannach." "[Cha dtéid ach éirigh thu fhé'?]." Arsa Bol Bocht a Lógam:- "Théid sinn uile go léir." Agus [chuaidh? iad] agus thionntaigh iad an bhannach ar- an bannach leis an teine [agus] có [a] thainigh isteach ach an madadh ruadh.

Agus thug eisean scrog as an bannach. Thug eisean scrog as an bhannach. Amach leis an mhadadh ruadh, agus amach leis an bhannach, 'na dhiaidh. Agus, chuaidh Gígeam agus Geoigeam agus Bol Bocht a Lógam as déidh an bhannach, agus an bannach as déidh an mhadadh ruadh. Thainigh [e?] go dtí triúr- na- buaint na mónadh, agus- "Cá- Cáit an dtáinigh thusa as?" [arsa'n bhannach- arsa- triúr buaint na mónadh?]- "Thainigh me ó Ghígeam agus ó Gheoigeam agus ó Bhol Bhocht a Leogam. Agus bídh- bídh me bhuabh-se ma dh'fhaodas me."

Thilg iad-san síos na [falta?] mónadh, agus in déidh an bhannach a [chur air?]. Thainigh iad go dtí [Ceathrar ag réidheadh? nan gCoille?]. Agus- "Cáit an dtainigh thu- thusa- as- as, a bhannaigh bhocht?" "Thainigh me ó Ghígeam agus ó Gheoigeam agus ó Bhol Bhocht a Lógam, agus thainigh me ó triúr [na?] bhuaint na mónadh, agus bídh me bhuabh, ma dh'fhaodas me." Thilg iad-san síos na- na tuaghan, agus as déidh an bhannach [a chur air?]. Agus- Uair a thainigh [iad? e?] go dtí an abhainn, bhá an madadh ruadh an sin, agus cha b'urra leis an bhannach fagháil trasna an abhainn. Agus- [chuaidh e?]- an madadh [?] ruadh isteach san abhainn agus dúirt sé leis an bhannach a theacht ar barr a iorball.

Ar- an bannach ar barr a iorball, leig eisean a iorball síos- anois- "Bhfeil thu fliuch anois?"

"Tá, tá, tá."

"Tig anois ar mo [dhroim?]- bhfeil thu fliuch anois?"

"Tá, tá, tá."

"Tig anois ar mo [ghualainnean?]- bhfeil thu fliuch anois?"

"Tá, tá, tá."

"Tig ar mo cheann - bhfeil thu fliuch anois?"

"Tá, tá, tá."

"Tig ar barr mo shróin." [Chuaidh?] an bannach ar barr a shróin- well- agus- Shluig e an bannach. [? mise an sin agat? e?].

Leagan ón leabhar Seansgéaltan X Rachreann

Tá cuid mhór botúin chló annseo - dhéanfaidh mé liosta de cheartúcháin uair inneacht. Na fuaimeanna, fuair mé ón leabhar le Nils Holmer iad.



ar los ~ ar son, fá choinne

éireochaidh sinn [e:r´ɑ(x)ə ʃin, i:r´-, ʃin´]

(a dh’)ionnsuidhe [ə jɛnsi, jʌnsi, ɛnsi, ənsi] ~ go dtí, chuig, chun, ionns’ ar

aithche [ɑ:ç(ə)] – áith

chum an muillin – cor. chun an mhuillin? Holmer chun an mhuileann [nə vɯl´ən] (deirtear "chun an" mar "na")

meilte [meltʃ] ~ múrtha

tiortha = iol. tíoradh [tʃi:rəg]

bannach – bannock (the whole circle/"cake" of soda bread, where each quarter is a farl)

nith = ghní [ni:]

déanta [dʒɛ:ntʃə]

teine [tʃin´ə]

tionntughadh [tʃɛntɑhəg, tʃɛntɑ(:)g, tʃɑn-]

tionntuigh [-i, -əi, srl]

thionntuigh [ç-]

tionntuighthe [tʃɛntiʃt´ə]

sionnach [ʃɛnɑx]

rug é Sgóig as an bhannaigh – cf. Holmer thug é scrog as an bhannach = sg sgrog “bite”

in a dhiaidh [nɑ jɛi, -ɑi]

nan rithfadh [nɑn rɛçəg ɛ:d]

in diaidh [ən dʒɛi, -ɑi; ə n´ɑi]

go sochrochadh badaigh Samhain ?[sɑṽin´] agus Bealtaine [bjaltin, bɛ:ltin, bɛltin] le chéile [lɛ çe:l´ə] = go deo go brách?

tá mé uatha... i ndiaidh an bhannaigh - tá cupla meancóg anseo - cor. Bídh? me bhuabh ma fhéideann me. Theilg an triúr síos a bhfálcan móna agus i ndiaidh an bhannaigh.
cf. Holmer Bídh me bhuabh-se ma dh'fhaodas me. Thilg ead síos na tuaghan, agus as déidh an bhannach.

ag gearradh síos coill cf. English "cutting down a forest"

aghad [ɑ:d] = agad

iarbaill = eireaball = ruball cf. Holmer [ɯrbəl, ɯrbəŋ], taifead [ɚ:bəl]

grog = ?gruag "hair, fur"

ar mhullach mo chin cor. mo chinn

caog = wink

Comments

  1. Chan an nasc ag obair anois - Is cosúil go bhfuil an suíomh Yudu dúnta

    ReplyDelete

Post a Comment

Popular posts from this blog

Scéal: Sábháilt tachráin a bhíthear á thabhairt as