Léirmheas – Dlúitheas: An dóigh chun aisling na Gaedhilge a fhíorú
Chuir Ciarán Dunbar leabhrán gearr úr amach ar thodhchaí na Gaeilic. Tá sé ar fáil in aisce ag https://pobailura.wordpress.com/ Seo mo mheas air.
Tá cuid smaointí Chiaráin thaire bheith suimiúil. Níl a fhios agam an aontaím le iomlán a ndeir sé ach is deas an rud leabhar a léamh bho dhuine nach bhfuil ag iarraidh an Ghaeilic a choinneáilt ar an bhealach air a bhfuil sí san am i láthair .i. an bealach chun an bháis. Ba mhaith liom é a bheith níos soilléaraí fán phobal seo atá sé ag iarraidh a chruthú: cá mhéad daoiní a bheadh ann? Cá mhéad duine fán gcéad aige a mbeadh Gaeilic?
Tá ceist eile agam fán smaointiú seo: cén dóigh daoiní a mhealladh bhon phobal s'acu? Insna pobail ghaelacha i mBéal Feirste mar shompla, tá féiniúlacht láidir acu a bhaineas siad as a n-áit fhéin. Tá sin le cluinstin fiú ina gcuid Gaeilic – meascann siad fuaimeannaí Béarla na cathrach fríd agus is iomaí duine a casadh orm a bhaineas bród as a bhlas Iarthar Bhéal Feirste. Bheadh sé doiligh daoiní mar sin a mhealladh go háit eile ar fad. Chan ionann sin is a rá nach smaointiú tábhachtach agus cruinn atá ann: níl ann ach go mba mhaith liom níos mó barúlacha de chuid Chiaráin a léamh ar an ábhar seo.
Léigh mé an leagan canúnach den leabhar (tá sé ar fáil ag https://pobailura.wordpress.com/2025/07/19/leabhran-saor-in-aiscidh-dluitheas-an-doigh-chun-aisling-na-gaedhilge-a-fhioru/). Is suimiúil liom cuid Gaeilic Chiaráin ach uaireanta níl mé cinnte an mbaineann a chuid litrithe le canúintí oirthear Uladh dáiríribh. Ní maith liom <sg> a fheiceáil san fhocal <sgoltachaí> in áit amháin agus <gaelscoileanna> a fheiceáil in áit eile – níl <sg> 'e dhíth dar liom ar scor ar bith, níl duifear ar bith fóinéimeach eadar é agus <sc>. Mar sin fhéin is deas an rud Gaeilic chanúnach a léamh ar chor ar bith, níl sí coitianta anois. Ba mhaith liom níos mó den tseort a fheiceáil!
Comments
Post a Comment