Posts

Showing posts from July, 2022

Leagan Gaedhilge de'n abhrán Skibbereen ó Oileán Thoraighe

A chairde Seo leagan Gaedhilge de'n abhrán "Skibbereen" a cumadh in dToraigh fad ó shoin. Dúirt Seán Mac Corraidh liom gur Séamus Mac an Bháird a chuir Gaedhilg air. Tá sé iontach deas. Déan clic anseo. Tá leagan eile annseo ón Róisín sna Rosa Seo leagan ó Mhín an Chladaigh Tabhartar "Deoraidhe [as Éirinn]" air annsin. Seo na focla; rinn mise rud beag eagarthóireachta orthu. Chuir mé sa nua-litriughadh é go dtiocfadh le 'ach aon duine a léigheamh. Bhain mé úsáid as na trí leagan le eolas a fhagháil, ach bhunaigh mé ar an leagan Thoraighe é.  A Athair dhil is minic thú Ag caint ar Éirinn thall A gleanntain glas agus sléibhte deas Cuid coillte caor is call 'S é deir tú liom gur tírín í mbeadh ann an bhanríon beo. Ach goidé an fáth ar thréigis í 's nach bpilleann tú go deo. O! a mhic a rún is mór mo ghrá Don tír ar a labhrann tú Mo Éire aoibhinn fhearúil fhial Fuair onóir agus cliú Ach 'nois a mhic bí thusa gl