Leagan Gaedhilge de'n abhrán Skibbereen ó Oileán Thoraighe

A chairde

Seo leagan Gaedhilge de'n abhrán "Skibbereen" a cumadh in dToraigh fad ó shoin. Dúirt Seán Mac Corraidh liom gur Séamus Mac an Bháird a chuir Gaedhilg air. Tá sé iontach deas. Déan clic anseo.

Tá leagan eile annseo ón Róisín sna Rosa

Seo leagan ó Mhín an Chladaigh

Tabhartar "Deoraidhe [as Éirinn]" air annsin.

Seo na focla; rinn mise rud beag eagarthóireachta orthu. Chuir mé sa nua-litriughadh é go dtiocfadh le 'ach aon duine a léigheamh. Bhain mé úsáid as na trí leagan le eolas a fhagháil, ach bhunaigh mé ar an leagan Thoraighe é.

 A Athair dhil is minic thú
Ag caint ar Éirinn thall
A gleanntain glas agus sléibhte deas
Cuid coillte caor is call
'S é deir tú liom gur tírín í
mbeadh ann an bhanríon beo.
Ach goidé an fáth ar thréigis í
's nach bpilleann tú go deo.

O! a mhic a rún is mór mo ghrá
Don tír ar a labhrann tú
Mo Éire aoibhinn fhearúil fhial
Fuair onóir agus cliú
Ach 'nois a mhic bí thusa glic
Tabhair éisteacht do mo scéal
'S ní dhéarfaidh tú anois ná 'ríst
Gur thréig me Éireann dhil

Nuair a smuaintim ar an lá sin siar
Tig scanrú ar mo chroí
An sneachta plúchadh 'nuas go dlúth
Is bearradh fuar ar ghaoith
Bhí tusa a mhic sa chliabhán bheag
' Do naíonán lag gan bhrí
Nuair cé tharlaigh ag mo dhoras
Ach fir a's báiligh [bailithe?] 'n rí

O! a Dhia thuas, ba bhocht mo chás
Ba dona dubh mo chroí
'S gan agam acht an t-aon bhó
Bhí thíos i gceann an toí
Scairt me mar gheall ar Mháthair Dé
Mó dhídean 'stigh go ló
Ach níor chríochnaigh mé mo phaidir
Go raibh lasóg le mo chró.

(char chuir mé eagarthóireacht ar seo go fóill)
D'éirigh 'n toit a mhic go spéir
'S d'éirigh 'n caoineadh géar
Nuair a chaith siad amach do mháthairín
Faoi dhíleann lom an fhéir
Thug mise tarrtháil ortsa, a rún
Agus nuair a phill mé 'n toí
Bhí mo sean-bhó shiubhal ag tiomaint
Le fir, 's báiligh 'n ríogh.

Aig feicealt air ar n- annso
Ar eadon lom a-t-slighe
Do thuit do mháthair, air an fheur.
Le brón 's buidhreadh croidhe
Tóg mé ann mo lama í
Mo stóir 's míle grádh.
Acht bhí sí breoidhte claoidhte , lag.
O! bhí sí ciúin go bráth

A mhic a rún 'nois tuigeann tú
Mar díbreadh mé thar thonn
Mo dhileacht bhocht fríd sioc 's sneacht
Gan agam pighinn na bonn
Ní raibh aon fhailte shior na shíar
Bhí mo árthus fhein ar lár
Bhí tusa, a mhic do naoinean bheag
'S do mhaithirin faoi clár.

O! A athair dhíl toicfhaidh la go fóil
Mbeidh aithrighe ar an té
Dfág díbhrighthe thusa bhfad o thir
'S mo mhaithrín ' sa chré
Nuair a thóigeas Eire bhocht a ceann
'S a bratog ghlas le gaoith
Bheirfheadh mise triall go tír mo bhreith
Agus cuairt 'r bháiligh 'n ríogh.

Comments

Popular posts from this blog

Scéal an Bhannaigh

Scéal: Sábháilt tachráin a bhíthear á thabhairt as