Scéal: Sábháilt tachráin a bhíthear á thabhairt as
Seo scéal ón leabhar Síscéalta ó Thír Chonaill
Bhí lánúin phósta thiar anseo ar na Machaireacha i bparóiste Ghaoth Dobhair. Bhí tachrán gasúir acu a bhí ceathar ná cúig de bhliana d’aois. Bhuail tinneas go tobann an stócach, agus cha rabh sé ag éileamh ach cupla lá go bhfuair sé bás. Chruinnigh na comharsanacha thart chun na faire mar ba ghnách.
CEIST: Cad chuige a rabh faire ann?
Bhí cupla buachaill a bhí ina gcónaí giota ó theach na faire, agus nuair a casadh ar a chéile iad, smaoitigh siad gur cheart daofa a ghabháil chun na faire fosta. Bhí aichearra páirce fá thuairim míle de theach an phobail, agus dúirt fear acu leis an fhear eile gur cheart daofa a ghabháil an aichearra. D’imigh an bheirt, agus cha dteachaidh siad i bhfad uilig isteach fríd an pháirc go gcualaí fear acu caoineadh an-truacánta. Chuir sé ceist ar an fhear eile an gcualaí seisean a dhath. “Chualaí mé, cinnte, dearfa,” a deir sé, “tuaim caointe in áit ínteacht.”
CEIST: Cad chuige a rachadh duine aichearra? Cad chuige nach rachadh, de réir an tseanchais?
smaoitigh = smaoinigh
aichearra = aicearra
daofa = dóibh
ínteacht = éigin
Shiúil an bheirt leofa, agus de réir is mar bhí siad ag gabháil ar aghaidhe bhí an caoineadh ag éirí ní ba láidre. Nuair a mheas siad nach dtiocfadh leis an té a bhí dá dhéanamh a bheith i bhfad uathu thoisigh an cuartú ag an bheirt, agus ar dheireadh an chuartaithe tháinig siad ar an tachrán ina luí istigh i dtoim mhór feagacha, agus é eadar a bheith ag caoineadh agus gan a bheith. Thóg fear acu eadar a dhá láimh é, agus d’fhiafraigh sé den fhear eile cá dtabharfadh siad é. “Bhéarfaidh sinn go teach na faire é,” arsa seisean, “agus má chaill duine ar bith é beidh duine ínteacht i láthair a aithneochas é.”
CEIST: Cé a chualaí na fir? Cad chuige a rabh sé ag caoineadh?
leofa = leo
toisigh = tosaigh
cuartú, cuartaithe = cuardach, cuardaigh
toim = ds. tom
D’imigh an bheirt agus é leo, agus chuaigh siad go teach na faire. Chuir sé ceist ansin ar an mhuintir a bhí i láthair ar chualaí siad iomrá ar dhuine ar bith a chaill tachrán. D’inis siad daofa caidé mar fuair siad é, mar tá mise dá inse duitse. Cha rabh duine ar bith le fáil a chaill an tachrán. “Maise,” arsa bean dá rabh i láthair, “chan fhacaí mise aon tachrán ariamh atá comh cosúil leis an tachrán atáthar a fhaire leis.”
CEIST: Cé ar leofa an tachrán?
inse = insint
Théigh fá dtaobh daofa ansin, agus chuaigh cupla bean a dh’amharc ar an tachrán a bhí faoi chlár sa chliabhán, agus nuair a rug siad greim láimhe air cha rabh le fáil acu ach smután maide! Nuair a chonaic siad caidé mar bhí, dúirt achan duine acu gurab iad an mhuintir bheaga a bhí ag tabhairt an tachráin as, agus achab é go dtáinig na buachaillí aichearra na páirce go mbeadh sé leofa. D’fhág siad an tsamhail ina ndiaidh ina áit - an smután maide. Caitheadh amach ar an doras é, ach ar maidin nuair a hamharcaíodh an rabh sé ann cha rabh maide ná smután le fáil acu!
CEIST: Goidé a rinn na daoiní beaga go díreach?
gurab = gurb
achab é go dtáinig = ach ab é gur tháinig
Comments
Post a Comment