Posts

Showing posts from July, 2025

Léirmheas – Dlúitheas: An dóigh chun aisling na Gaedhilge a fhíorú

Chuir Ciarán Dunbar leabhrán gearr úr amach ar thodhchaí na Gaeilic. Tá sé ar fáil in aisce ag  https://pobailura.wordpress.com/ Seo mo mheas air. Tá cuid smaointí Chiaráin thaire bheith suimiúil. Níl a fhios agam an aontaím le iomlán a ndeir sé ach is deas an rud leabhar a léamh bho dhuine nach bhfuil ag iarraidh an Ghaeilic a choinneáilt ar an bhealach air a bhfuil sí san am i láthair .i. an bealach chun an bháis. Ba mhaith liom é a bheith níos soilléaraí fán phobal seo atá sé ag iarraidh a chruthú: cá mhéad daoiní a bheadh ann? Cá mhéad duine fán gcéad aige a mbeadh Gaeilic? Tá ceist eile agam fán smaointiú seo: cén dóigh daoiní a mhealladh bhon phobal s'acu? Insna pobail ghaelacha i mBéal Feirste mar shompla, tá féiniúlacht láidir acu a bhaineas siad as a n-áit fhéin. Tá sin le cluinstin fiú ina gcuid Gaeilic – meascann siad fuaimeannaí Béarla na cathrach fríd agus is iomaí duine a casadh orm a bhaineas bród as a bhlas Iarthar Bhéal Feirste. Bheadh sé doiligh daoiní mar sin...