Posts

Sean-Taifead Ros Goill

 Seo taifead a rinn Proinsias Ó Conluain i Ros Goill insa bhliain 1974. Aodh ó Siadhail ó Na Dúnaibh, Ros Goill, Co Dhún na nGall ag cur síos ar an tréimhse a chaith sé i Meiriceá agus an saol a bhí aige sa bhaile sula ndeachaigh sé ann. Proinsias Ó Conluain a thaifead 1974. Buidheachas do mo charaid Séamus Mac Ned a chuir 'ugam an taifead seo.  Tá neart rudaí suimiúla insa taifead seo: 1.38 seadh [ʃəi] 1.42 cha ngeobhfá mórán páigh ach oiread(?) [ha 'N´o:ha]?  2.54 cha dtearn sí nas (=níos) mó [ha 'd´a: ʃ̌i nəs mo:] 5.14 achan seort (=sórt) [a'han ʃo:rt]? 5.46 bhí siad uilig deas [v´i: ʃəd ə'l´ɪg´ d´ɛs] 6.16 sin a rabh agam [ʃïn´ ə ro 'ʌgəm] 6.29 tá í sa bhaile anois ['tɑi sə 'wɑl´ə Nïʃ] 6.30 cha dtig léi a dhath dhe Ghaedhilg a chainnt liom-sa??? [ha d´ɪg´ l´e ə jɛ ə ɣe:l´ɪk´ ə xaN´t´ l´ʌmsə̥]? 7.17 caithfidh sé gur [?] mé rud éigin [kɑi ʃə gʌr hap mə rʌdɛg´ɪn´] 7.45 nuair a bhí mise sa bhaile i raith? (=rith) na scoile [Nəi 'm´ɪʃə sə wɑl´ə '...

Cainteoir Láidir Fhánada

Barrscéalta 23/06/2017 43.25

Cúrsaí Gaeltachta

Tá cuid mhaith cúrsaí anns an Ghaeltacht ach is minic nach mbíonn siad furast a n-aimsiú murab fhuiltear eolach orthu. Seo liosta agus tá súil agam go mbaintear úsáid as. Gaedhilg Uladh Tír Chonaill Thuaidh Coláiste Ros Goill - Cúrsaí Teanga i Ros Goill Cúrsa Thoraighe (le hOideas Gael) - Cúrsa Saibhris fá choinne an fhoghlaimeora líofa - "Beidh an cúrsa ag díriú ar leaganacha cainte, logainmneacha, seanchas Dhún na nGall agus oidhreacht na litríochta." (FÁ CHOINNE PÁISTÍ, DRUIDTE?) Coláiste Mhachaire Rabhartaigh na Rosa Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair - Cúrsaí Ceoil i nGaoth Dobhair Gael Linn - Cúrsaí Teanga i nGaoth Dobhair an Chrannóg - Cúrsaí Ceoil agus Cúrsa Scéalaidheachta i nGaoth Dobhair (FÁ CHOINNE PÁISTÍ) Coláiste Árainn Mhóir - Cúrsaí Teanga in Árainn Mhór Tír Chonaill Theas Oideas Gael - Cúrsaí Teanga i nGleann Cholm Cille Gaedhilg Chonnacht Maigh Eo Conamara Acadamh na hOllscolaíochta (OÉ Gaillimh) - Cúrsaí Teanga; tá dian...

Dathannaí as Ros Goill

" Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 276 " ó Dúchas © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD agus faoi cheadúnas CC BY-NC 4.0 . Seo cupla leathanach as Ros Goill a bhaineas le dathannaí. Tá cupla focla annamha ann agus tá dúil agamsa anns na planntaí so is suimiúil liom é. Crotal: Dath donn dearg. É a bhruith i gcuideachta na h-olna. Níl ruadhmonn ar bith a dhíth. Fraoch: Dath buidhe (olann). Cuir ruadhmonn "alum". Bruigh. Cuir síos an ólann agus an fraoch measgtha. Fearnóg: fa choinne ruadhmonn do dhath dhubh. Bruith na craobha beaga i gcuideachta na h-olna. Tóg amach na craobha nuair atá siad bruithte agus cuir isteach an Dúbhach. Rud dúbh "claba" a chruinnigheas in áiteacha a bhfuil ruaidhbhric ag briseadh aníos. Súilíní Buidhe: I ndiaidh ruadhmoinn aluim le dath buídhe a chur. Súithche: Bruithte i gcuideachta na h-ólna le dath dorcha donn a chur. crotal - seort léicin seo. Deirtear go mbaintear úsáid as cupla gné éagsamhail d'arb ainm crota...

Fáilte

Seo an áit ann a gcuirfidh mé mo chuid rámáis ar chúrsaí Gaedhilge. Tá suim mhór agam i gcanúintí Thoraighe agus Reachraidh, agus na canúintí ann a n-aice. Bíodh fhios 'ad go bhfuil blag agam a bhaineas le Gaedhilg Thoraighe go h-áirid annseo . Beidh mé ag cur nótaí ar sheanchas, ar acmhainní srl annseo.