Luibheanna ar Oileán Thoraighe

Mínigheann an t-alt seo ar Dhúchas na luibheanna a n-úsáidfidhe in dToraigh fad ó shoin. Seo liosta de mo chuid smaointighthe air agus ar na planntaí fhéin. Tá mórán focla annseo nach bhfuil in áit ar bith eile agus ba mhaith liom dá gcuirfidhe eolas ar bith orthu chugam.

FGB = Foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill

Hamilton = a Phonetic Study of the Irish of Tory Island, Co. Donegal le Hamilton

Rathlin = the Irish Language in Rathlin Island, Co. Antrim le Holmer

Teileann = Cnuasach Focal as Teileann le Uí Bheirn

Liosta na bPlanntaí

  • gromlasg = Senecio vulgaris? cf. grúnlas FGB
  • cúlfáith = Urtica cf. cál faiche FGB; cúlfháidh [kulˈɑːi] Hamilton
  • gáirleog = Allium sativum cf. gairleog FGB
    • cuireann siad cúpla gáirléog isteach ann ruball na bó

      "they put a few cloves of garlic in the cow's tail"

  • copóga = Rumex cf. copóg FGB
    • copóga bhréan = ?
    • bó copóga = ?
  • connlach-dhearg = ?
  • coimirce, an chomairce = ?
  • bóireáin = ?
  • boglus = ?
  • niarlasg = ? cf. niarlus [N´iərləs] "a plant used as a substitute for tobacco" Hamilton
  • crúba-an-chait = ?
  • buacháillín = Senecio vulgaris? cf. buachalán FGB
  • cuirdiní = Daucus carota (fiadhain)? cf. cuirdín FGB
  • samhuigh = Rumex acetosa? cf. samhadh FGB
  • canann dubhchosach = Succisa pratensis? cf. ceannramán dubhchosach Teileann Prunella vulgaris??? cf. duán ceannchosach FGB
  • luibh Phádraig = Plantago? cf. cál cuach naprún Phádraig FGB
  • an Nir-Talmhan = an Athair Thalún (Achillea millefolium) - buíochas do Mhaolcholaim Scott as an fhocal seo! Ar seisean "an chéad lus ar leag ár Slánaitheoir lámh air; tá sé beannaithe dá réir sin."
  • an bheilighrúba = ?
  • Nóra an Chinn Bháin = ?
  • an namnaid mín = Potentilla erecta? cf. niamhnaid, neamhnaid FGB; neamhnaid [n´amənidʒ, n´aməridʒ] Rathlin
  • luis na míne = ?
  • an t-Samhail Mhuire = ?
  • an neamnaid Mhuire = ? an ionann seo agus an namnaid mín?
  • Rinneach an Mhadaidh Ruadh = ? cf. raithneach an mhadaidh ruaidh "unidentified fern" Teileann

Comments

Popular posts from this blog

Scéal an Bhannaigh

Scéal: Sábháilt tachráin a bhíthear á thabhairt as