Posts

Leagan Gaedhilge de'n abhrán Skibbereen ó Oileán Thoraighe

A chairde Seo leagan Gaedhilge de'n abhrán "Skibbereen" a cumadh in dToraigh fad ó shoin. Dúirt Seán Mac Corraidh liom gur Séamus Mac an Bháird a chuir Gaedhilg air. Tá sé iontach deas. Déan clic anseo. Tá leagan eile annseo ón Róisín sna Rosa Seo leagan ó Mhín an Chladaigh Tabhartar "Deoraidhe [as Éirinn]" air annsin. Seo na focla; rinn mise rud beag eagarthóireachta orthu. Chuir mé sa nua-litriughadh é go dtiocfadh le 'ach aon duine a léigheamh. Bhain mé úsáid as na trí leagan le eolas a fhagháil, ach bhunaigh mé ar an leagan Thoraighe é.  A Athair dhil is minic thú Ag caint ar Éirinn thall A gleanntain glas agus sléibhte deas Cuid coillte caor is call 'S é deir tú liom gur tírín í mbeadh ann an bhanríon beo. Ach goidé an fáth ar thréigis í 's nach bpilleann tú go deo. O! a mhic a rún is mór mo ghrá Don tír ar a labhrann tú Mo Éire aoibhinn fhearúil fhial Fuair onóir agus cliú Ach 'nois a mhic bí thusa gl...

Luibheanna ar Oileán Thoraighe

Mínigheann an t-alt seo ar Dhúchas na luibheanna a n-úsáidfidhe in dToraigh fad ó shoin. Seo liosta de mo chuid smaointighthe air agus ar na planntaí fhéin. Tá mórán focla annseo nach bhfuil in áit ar bith eile agus ba mhaith liom dá gcuirfidhe eolas ar bith orthu chugam. FGB = Foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill Hamilton = a Phonetic Study of the Irish of Tory Island, Co. Donegal le Hamilton Rathlin = the Irish Language in Rathlin Island, Co. Antrim le Holmer Teileann = Cnuasach Focal as Teileann  le Uí Bheirn Liosta na bPlanntaí gromlasg = Senecio vulgaris ? cf. grúnlas FGB cúlfáith = Urtica cf. cál faiche FGB; cúlfháidh [kulˈɑːi] Hamilton gáirleog = Allium sativum cf. gairleog FGB cuireann siad cúpla gáirléog isteach ann ruball na bó "they put a few cloves of garlic in the cow's tail" copóga = Rumex cf. copóg FGB copóga bhréan = ? bó copóga = ? connlach-dhearg = ? coimirce , an chomairce = ? bóireáin = ? boglus = ? ...

Scéal an Bhannaigh

Image
 Tá taifead as Oileán Reachraidh ann ina bhfuil fear ag innse an scéil "The Story about the Bannock". Tá ath-scríbhinn de leagan eile den scéal seo anns an leabhar a scríobh Holmer (Holmer, Nils M. The Irish Language in Rathlin Island, Co. Antrim . Royal Irish Academy, 1942.), agus ath-scríbhinn níos faide sa leabhar Athchló Uladh: Seansgéaltan X Rachreann [sic] - tá scan de sin le fáil ag bun an leathanaigh seo. Tá leagan Béarla as Albain anseo darb ainm "the Wee Bannock" Tá mé ag deanamh go mbeadh sé úsáideach dá mbeadh ath-scríbhinn agus taifead a thig le chéile ann, mar anois níl taifead ar bith ann a bhfuil ath-scríbhinn leis. Bainfidh mé úsáid as an ath-scríbhinn atá anois ann mar tá an dá leagan cosamhail go leor lena chéile. Ar dtús gheánfaidh mé ath-scríbhinn na bhfocal ach b'fhéidir go n-ath-scríobhfaidh mé na fuaimeanna fosta má bhíonn an t-am agam. Tá an taifead le cluinstin annseo: Please update your browser does not support the audio element. ...

Sean-Taifead Ros Goill

 Seo taifead a rinn Proinsias Ó Conluain i Ros Goill insa bhliain 1974. Aodh ó Siadhail ó Na Dúnaibh, Ros Goill, Co Dhún na nGall ag cur síos ar an tréimhse a chaith sé i Meiriceá agus an saol a bhí aige sa bhaile sula ndeachaigh sé ann. Proinsias Ó Conluain a thaifead 1974. Buidheachas do mo charaid Séamus Mac Ned a chuir 'ugam an taifead seo.  Tá neart rudaí suimiúla insa taifead seo: 1.38 seadh [ʃəi] 1.42 cha ngeobhfá mórán páigh ach oiread(?) [ha 'N´o:ha]?  2.54 cha dtearn sí nas (=níos) mó [ha 'd´a: ʃ̌i nəs mo:] 5.14 achan seort (=sórt) [a'han ʃo:rt]? 5.46 bhí siad uilig deas [v´i: ʃəd ə'l´ɪg´ d´ɛs] 6.16 sin a rabh agam [ʃïn´ ə ro 'ʌgəm] 6.29 tá í sa bhaile anois ['tɑi sə 'wɑl´ə Nïʃ] 6.30 cha dtig léi a dhath dhe Ghaedhilg a chainnt liom-sa??? [ha d´ɪg´ l´e ə jɛ ə ɣe:l´ɪk´ ə xaN´t´ l´ʌmsə̥]? 7.17 caithfidh sé gur [?] mé rud éigin [kɑi ʃə gʌr hap mə rʌdɛg´ɪn´] 7.45 nuair a bhí mise sa bhaile i raith? (=rith) na scoile [Nəi 'm´ɪʃə sə wɑl´ə '...

Cainteoir Láidir Fhánada

Barrscéalta 23/06/2017 43.25

Cúrsaí Gaeltachta

Tá cuid mhaith cúrsaí anns an Ghaeltacht ach is minic nach mbíonn siad furast a n-aimsiú murab fhuiltear eolach orthu. Seo liosta agus tá súil agam go mbaintear úsáid as. Gaedhilg Uladh Tír Chonaill Thuaidh Coláiste Ros Goill - Cúrsaí Teanga i Ros Goill Cúrsa Thoraighe (le hOideas Gael) - Cúrsa Saibhris fá choinne an fhoghlaimeora líofa - "Beidh an cúrsa ag díriú ar leaganacha cainte, logainmneacha, seanchas Dhún na nGall agus oidhreacht na litríochta." (FÁ CHOINNE PÁISTÍ, DRUIDTE?) Coláiste Mhachaire Rabhartaigh na Rosa Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair - Cúrsaí Ceoil i nGaoth Dobhair Gael Linn - Cúrsaí Teanga i nGaoth Dobhair an Chrannóg - Cúrsaí Ceoil agus Cúrsa Scéalaidheachta i nGaoth Dobhair (FÁ CHOINNE PÁISTÍ) Coláiste Árainn Mhóir - Cúrsaí Teanga in Árainn Mhór Tír Chonaill Theas Oideas Gael - Cúrsaí Teanga i nGleann Cholm Cille Gaedhilg Chonnacht Maigh Eo Conamara Acadamh na hOllscolaíochta (OÉ Gaillimh) - Cúrsaí Teanga; tá dian...

Dathannaí as Ros Goill

" Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 276 " ó Dúchas © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD agus faoi cheadúnas CC BY-NC 4.0 . Seo cupla leathanach as Ros Goill a bhaineas le dathannaí. Tá cupla focla annamha ann agus tá dúil agamsa anns na planntaí so is suimiúil liom é. Crotal: Dath donn dearg. É a bhruith i gcuideachta na h-olna. Níl ruadhmonn ar bith a dhíth. Fraoch: Dath buidhe (olann). Cuir ruadhmonn "alum". Bruigh. Cuir síos an ólann agus an fraoch measgtha. Fearnóg: fa choinne ruadhmonn do dhath dhubh. Bruith na craobha beaga i gcuideachta na h-olna. Tóg amach na craobha nuair atá siad bruithte agus cuir isteach an Dúbhach. Rud dúbh "claba" a chruinnigheas in áiteacha a bhfuil ruaidhbhric ag briseadh aníos. Súilíní Buidhe: I ndiaidh ruadhmoinn aluim le dath buídhe a chur. Súithche: Bruithte i gcuideachta na h-ólna le dath dorcha donn a chur. crotal - seort léicin seo. Deirtear go mbaintear úsáid as cupla gné éagsamhail d'arb ainm crota...